Ó 's nach iomaí maidin Domhnaigh 'chaith mé súgach deas go leor
'Dhul soir le mo luichtín móna 's dhá chúrsa i mo sheol mór
Níor ghéill mé riamh do mhúr ar bith dá dhúinte dá mbeadh ceo
Go dtéinn ag caint le plúr na mban bhíodh romham sa mbaile mór.
'S mo ghrása í Máire Ní Ghríofa, is tú rí-bhan thar na mná
Níor iarr mé riamh a' cnaigín ort nach líonfá dhom a' cárt
Nuair a théinn isteach go n-íocfainn thú 's ní dhéantá dhíom ach greann
Is mo ghrá ní scarfad choíche leat go dtí 'n geimhreadh th'éis do bháis.
'S dhá bhfeicfeá bád chlann Dhonncha gach lá dhá dtéadh sí 'un seoil
Ó phlúchfadh sí an fharraige 's ní fhliuchfadh sí ceann seoil
Bheadh tús ar chuile gheála aici nuair a thagadh an lá mór
Is nach ndíolfainn mo luichtín móna 's mé 'comhrá le mo stór.
'S nuair a fhágfas mise an áit seo is nuair a fhágfas mé na báid
Ó chaithfidh mé oíche i Maínis 's dhá oíche ar a' Trá Bháin
Ar fhilliúint ar ais arís dom beidh mé oíche in Eanach Mheáin?
'S mara bpósfaidh Máire Ní Ghríofa mé, ní fhillfidh mé go brách.
Buíochas do staidmheidhreog do na liricí seo. http://ie.youtube.com/profile?user=staidmheidhreog
Máirtín Tom Sheáinín - Máire Ní Ghríofa (Maire Ni Ghriofa)- Geantraí 136933 2007 www.tg4.ie
Mira todos los videos de Internet en un solo lugar, BuscaTube.COM es un Meta Buscador que agrupa videos de:
Youtube, Google Video, MySpaceTv, Veoh, MSN SoapBox, Daylimotion, etc.
Los logotipos y nombres aqui mencionados pertenecen a sus respectivos propietarios, BuscaTube.COM no guarda ningún video en sus servidores.
BuscaTube.COM hace uso de las APIS que ofrecen dichos servicios para agrupar los videos.